Is tionscadal pobail iad Binsí Comhrá a lonaíonn binsí i gcroílár Bhaile Átha Cliath chun spásanna neamhfhoirmeálta Gaeilge a chothú agus uaigneas uirbeach a laghdú. Tháinig an smaoineamh ó fhostaí Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a thug faoi deara go raibh easpa spásanna sóisialta sa chathair ina bhféadfadh daoine labhairt as Gaeilge go compórdach, nádúrtha.
Tá sé beartaithe 30+ binsí a chur mórthimpeall Bhaile Átha Cliath faoi samhradh 2026. Cuireadh an chéad bhinse i mBaile Formaid i mí Dheireadh Fómhair 2025. Faoi láthair tá 10 mbinse lonnaithe le 11 eile le teacht sa chéad cúpla seachtain eile.
Cruthófar léarscáil ar líne chun daoine a threorú chuig na binsí chomh maith.
Ní binsí amháin atá i gceist le Binsí Comhrá; is spásanna iad chun an Ghaeilge a chothú, nascanna a thógáil agus muinín pobail a neartú trí Ghaeilge.